Seachtain na Gaeilge
20th Mar 2023
Bhíomar an-ghnóthach i Rang a Sé do Seachtain na Gaeilge an tseachtain seo caite! Bhíomar ag foghlaim an damhsa an Dreolín, na contaetha as Gaeilge, ag canadh Amhrán na bhFiann agus ag glacadh páirt i dTráth na gCeist! Chomh maith le sin, rinneamar dráma as Gaeilge, léamar faoi Michael Jordan agus d'imríomar cluichí éagsúla. Seo cúpla pictiúr!
